An Feoras
Euonymus europaeus
D’úsáidtí codanna an chrainn chun dathú a chur ar éadach. Faightear dath dearg ó na torthaí agus dath buí nó glas (má chuirtear alúm—aluminium sulphate—leis) ó na síolta. Dhéantaí dúch do ghasúir scoile as caora oráiste an fheorais i gCo. Mhaigh Eo.