An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Tugann fad na mbád scaobtha, soithigh a bhí fairsing ar lochanna na hÉireann na mílte bliain ó shin, leid dúinn faoi mhéid na gcrann a bhí ag fás in Éirinn ag an am. Is as clár amháin darach a dhéantaí na báid seo. Aimsíodh bád in aice le Eadargúil, Contae na Gaillimhe atá 15m fada agus beagnach 4,000 bliain d’aois. Níl dair fágtha sa tír anois a bheadh in ann cláir a sholáthar chun bád scaobtha chomh fada sin.