An Dair Ghaelach
Quercus petraea
Tugadh an gálfhoiche Andricus kollari, a dhéanann gáil chrua sféaracha (tugtar gáil mharmaracha orthu), ón Meánoirthear go hÉirinn sna 1830idí le go bhféadfaí na gáil a úsáid le dathú agus i ndéantúsaíocht dúigh. Tá saolré casta ag na feithidí beaga seo agus bíonn speiceas eile den dair, an tsearbhdhair, ag teastáil uathu le gur féidir leo iomadú.