An Draighean
Prunus spinosa
Is as adhmad an draighin a dhéantaí maidí siúil (an tsail éille, cé nárbh as an tsaileach (Salix spp.) a bhí siad déanta go minic). Dhéantaí bataí den draighean, agus d’úsáidtí iad le linn faicseanaíochta. Chlúdaítí le him iad agus chuirtí sa simléir iad le go dtiocfadh an dath dubh orthu.