An Leamhán Mion
Ulmus minor
Is é an fungas Ophiostroma ulmi is cúis leis an nGalar Dúitseach Leamhán. Mharaigh sé 30% de leamháin na Breataine idir 1920 agus 1940 nuair a tháinig sé isteach ar adhmad a iompórtáladh chuig an oileán. Faoin am sin, bhí scrios déanta cheana fhéin ar leamháin na hEorpa agus Mheiriceá Thuaidh. Faoi na 1970idí, rinne an fungas éabhlóidiú go Ophiostoma novo-ulmi. Maraíodh os cionn 90% de leamháin ghallda na Breataine nuair a tháinig an fungas sin isteach sa tír.