An Róslabhras
Rhododendron ponticum
Tá nimh i neachtar an róslabhrais, ar a dtugtar grayanotoxin, atá in ann mil a thruailliú má bhailíonn meachain é. Tugtar mad honey ar an mhil, agus éiríonn daoine tinn (meadhrán, fís doiléir, vertigo, tinneas cinn, ag cur allais, lagú) má itheann siad é. Bhí a fhios ag daoine faoi sa gcianaimsir, agus bhí fios acu freisin gur chógas leighis a bhí ann do bhreoiteachtaí éagsúla—thitimeas agus breoiteachtaí craicne. Tá an mhil in ann meisce a chur ar dhaoine freisin agus tógtar sa Tuirc é mar dhruga áineasa, cé go bhfuil sí in ann a bheith marfach.