An Seiceamóir
Acer pseudoplatanus
Cé gur fuinseoga agus sceacha geala a bhí i bhformhór na gcrann ceirteach in Éirinn, is seiceamóir a bhí sa gcrann ceirteach i gCluain Eidhneach, Co. Laoise. Dhearfadh duine paidir nó dhéanaidís mian a chur in iúl, sula gcrochtaí píosa d’éadach ar an gcrann. Ach tháinig athrú ar iompar an phobail agus in áit éadach a chrochadh ar an gcrann, bhíodar ag bualadh boinn inti sna 1990idí, nó gur bhásaigh an crann le nimhiú miotail in 1994.