An Leamhán Mion
Ulmus minor
Ceaptar go bhfuil idir 20 agus 40 speiceas in Ulmus, géineas na leamhán, ach tá sé deacair theacht ar fhigiúr cruinn. Ní bhíonn sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir speicis éagsúla mar go bhfuil difríochtaí moirfeolaíochta idir crainn sa speiceas céanna mar gheall ar chúinsí tíreolaíochta agus timpeallachta. Le rudaí a dhéanamh níos casta, hibridíonn speicis dhifriúla de leamháin lena chéile go héasca.