An Pribhéad Calafoirniach
Ligustrum ovalifolium
Is iad na bláthanna bána, a fhásann ar phainicilí pirimidiúla, an chuid is suntasaí den phribhéad Calafoirniach. Bíonn boladh láidir uathu nuair a thagann siad amach sa samhradh. Tagann caora beaga dubha ar an bplanda sa bhfómhar. Tá siad nimhneach do dhaoine, cé go n-itheann éin iad.