An tSaileach Chorcra
Salix purpurea

Ainmneacha GaeilgeSaileach Chorcra
Ainmneacha BéarlaPurple Willow
Ord: Malpighiales | Fine: Salicaceae | Géineas: Salix
Tréimhse Faoi Bhláth
🍃Duilleog: Lansach
📏Airde: 5m
🎨Bláth: Corcra Glas
🌻Pailniú: Feithidí

Tugtar an tsaileach chorcra ar an sceach seo mar gheall go mbíonn scáil chorcra ar na géaga tanaí, solúbtha. Ceaptar gur saileach dhúchasach í seo in Éirinn, ach tá sí curtha go forleathan freisin mar gur acmhainn thábhachtach caoladóireachta a bhí inti san am atá caite. Bíonn duilleoga na sailí seo ar aghaidh a chéile ar an ngas, murab ionann agus saileacha eile, a mbíonn duilleoga ailtéarnacha acu. Amhail na saileacha eile, is ar thalamh tais, go háirithe ar bhruacha aibhneacha, is fearr a fhásann an crann seo.

Ceaptar go bhfuil an tsaileach chorcra dúchasach in Éirinn,[2] ach tá sé deacair a bheith cinnte céard iad na crainn den speiceas seo atá ag fás go fiáin, mar gur cuireadh an crann go forleathan le géaga a sholáthar do thionscadal na caoladóireachta.

Cosúil le saileacha eile, is ar thalamh fliuch a fhásann an tsaileach chorcra go nádúrtha, cé gur crann í a bhíonn curtha go minic freisin. Is fairsinge a fhásann an tsaileach chorcra i dtuaisceart, in iarthuaisceart, agus in oirthear na hÉireann.[3]

Cuma na Sailí

Is sceach mhór leathan í, le géaga díreacha, caola, agus neamhchlúmhacha. Is minic gur dath corcairdhonn a bhíonn ar na géaga óga, agus is dath liath a bhíonn ar ghéaga níos sine.

Duilleoga

Bíonn na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngas, murab ionann agus na saileacha eile, a mbíonn duilleoga ailtéarnacha acu. Bíonn na duilleoga fada (5-10 cm), caola, agus le cruth dronuilleogach nó spúnógach orthu.

Is dath glasghorm a bhíonn ar uachtar na nduilleog, agus dath liathghorm in íochtar. Ní iondúil go mbíonn na himill fiaclach.[2, 4]

Bláthanna agus Torthaí

Tagann caitíní ceartseasmhacha ar an ngéag sula n-osclaíonn na duilleoga. Is dath corcra nó rua a bhíonn ar na caitíní baineanna, agus bíonn dath corcra ar scálaí na gcaitíní fireanna. Is dath corcra freisin a bhíonn antair na gcaitíní.

Tá an tsaileach seo neamhghnách i gcomparáid le saileacha eile na hÉireann mar go mbíonn an dá staimín ar gach bláth sa gcaitín greamaithe le chéile. Is meachain a phailníonn na caitíní baineanna.[1]

Is hibrid idir an saighleánach (Salix viminalis) agus an tsaileach chorcra é Salix x rubra a fheictear i dtuaisceart na tíre, den chuid is mó.

1. Stace, C., New Flora of the British Isles. 4ú ed. 2019: C&M Floristics.

2. Webb, P.A., J. Parnell, and D. Doogue, An Irish Flora. 1996, Dún Dealgan: Dundalgan Press (W.Tempest) Ltd.

3. Stroh, P.A., et al., Plant atlas 2020: mapping changes in the distribution of the British and Irish flora. 2023: Princeton University Press.

4. Rose, F., The wild flower key: how to identify wild flowers, trees and shrubs in Britain and Ireland. 2006: Frederick Warne.

Plandaí Gaolmhara