Tá an t-iúr faoi bhagairt ar fud na hEorpa agus líon na n-iúr tite ansin níos mó ná aon chrann eile. Bhí cúiseanna stairiúla ann leis an iúr a bhaint—contúirt an chrainn d’ainmhithe agus úsáid an adhmaid go príomha—ach is dianfheirmeoireacht is mó is cúis le meath an iúir anois. Anuas air seo, bíonn sé deacair ag an iúr iomadú mar go ndéanann fianna agus ainmhithe eile damáiste do chrainn óga.