An tIúr — “Tá ar a laghad…”

Tá ar a laghad 17 baile fearainn ina bhfuil “séipéal an iúir” san ainm. Ní fios cén fáth an nasc seo idir an chill agus an t-iúr. Ceaptar gur chuir manaigh na hiúir is sine i Sasana in aice lena gcuid ceall, seachas gur roghnaíodh suíomhanna ina raibh iúir ag fás cheana fhéin. B’fhéidir gur facthas go raibh spioradáltacht éigin ag baint leis an iúr. Is siombail neamhbhásmhaireachta an iúir—seans mar gur fadsaolaí iad.