Scaipeann an crann creathach go tréan lena chuid meathán. Is iad sin na crainn óga a fhásann aníos ó riosóim (nó fréamhacha faoi thalamh) an bhunchrainn. Ní mhaireann na crainn aonaracha i bhfad (idir 50-100 bliain), ach d’fhéadfadh go mbeadh aois mhór—na mílte bliain—ag clampaí crainn chreathacha.