Tá an dair ghaelach compordach i gcréafóg atá aigéadach agus draenáilte go maith. Níl doimhneacht mhór chréafóige ag teastáil uaithi (ciallaíonn petraea ‘clochach’, tagairt den ghnáthóg choitianta ina bhfásann sí), agus tá sí níos scáthfhulangaí ná mar atá an dair ghallda.