Is as dair a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Thosaigh daoine ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo—tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn go dtí seo.