Is crann aitheanta i seanchais na nGael í Eo Mugna—crann le géaga chomh fada sin go bhféadfadh míle duine dul i bhfoscadh fúthu. Cé go gceapfá ón ainm gur iúr (Taxus baccata) a bhí ann, deirtear gur dair a bhí in Eo Mugna, ach ceann draíochta, a raibh dearcáin, úlla, agus collchnónna mar thorthaí air.