An Saighleánach — “Is mar ábhar caoladóireachta…”

Is mar ábhar caoladóireachta is mó a bhaintí úsáid as an saighleánach, cé gur iomaí speiceas, hibrid, agus saothróg a d’úsáidtí, agus a úsáidtear fós, i gceird na caoladóireachta. Sampla de sin is ea an fine basket osier (Salix x forbyana), hibrid den tsaighleánach, an tsaileach rua agus an tsaileach chorcra.