An Saighleánach — “Is minic a dhéantar…”

Is minic a dhéantar tagairt don tsaileach dhubh i dtaifid faoin gcaoladóireacht in Éirinn. Ní Salix myrsinifolia, speiceas annamh ar a dtugtar an tsaileach dhubh, atá i gceist anseo. Is tagairt í an tsaileach dhubh do na saileacha dúchasacha sin nach mbaintí úsáid rialta astu i gceird na caoladóireachta.