Mar gur crann síorghlas é an cuileann, tugann na duilleoga deilgneacha agus géaga dlútha an tearmann d’éin agus d’ainmhithe i gcaitheamh an gheimhridh. Tógann sé roinnt blianta ar na duilleoga a thiteann lobhadh, agus úsáideann ainmhithe amhail an ghráinneog iad chun neadracha a dhéanamh. Is foinse bheatha thábhachtach iad na caora freisin d’éin cosúil leis an deargán sneachta agus an sacán. Is gealbhán cuilinn ainm eile ar an gcorcrán coille, éan eile a bhíonn sa tóir ar chaora an chuilinn sa ngeimhreadh.