Tá an cuileann in ann duilleoga difriúla a fhás ag brath ar chúinsí seachtracha éagsúla. Má thosaíonn ainmhithe ag ithe na nduilleog in íochtar, fásann an planda duilleoga deilgneacha mar straitéis chosanta. Ní gá don chrann é seo a dhéanamh leis na duilleoga in uachtar agus bíonn imill mhín ar na duilleoga sin. Tugtar heterophylly ar an gcumas seo atá ag planda duilleoga éagsúla a fhás.