Thugtaí duilleoga cuilinn do bheostoc mar fhodar geimhridh, i Sasana agus in Éirinn. Bhíodh garrán cuilinn ar fheirmeacha le freastal ar an éileamh seo, agus lean an cleachtas ar aghaidh go dtí an 18ú haois. Maítear go mb’fhéidir gur mar gheall air seo a áiríodh an cuileann mar cheann de huaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas.