An Dair Ghaelach — “Bíonn duilleoga maothánacha ag…”

Bíonn duilleoga maothánacha ag an dair ghaelach agus an dair ghallda. Bíonn duilleoga na darach gaelaí níos faide ná mar a bhíonn siad leathan, agus is os cionn lár na duilleoige a bhíonn an leithead is mó. Bíonn dhá mhaothán ar an dá thaobh den ghas ag bun na duilleoige ag an dair ghallda—tréith nach mbíonn ag an dair ghaelach.