An Dair Ghaelach — “hosaigh gortghlanadh na ndarach…”

hosaigh gortghlanadh na ndarach in Éirinn leis na pobail neoiliteacha a shroich an t-oileán timpeall 6,000 bliain ó shin. Faoin mbliain 1600 AD bhí níos lú ná 20% den oileán clúdaithe le crainn. Threisigh an próiseas seo le fás daonra na tíre, agus nuair a tosaíodh ar an tír a phlandáil mar b’acmhainn fíor-thábhachtach a bhí sa dair. Ní raibh na foraoisí in ann ag an éileamh ó thionscadail na súdaireachta, na cúipéireachta, agus úsáidí eile a bhí ag an bpobal don dair. Faoi dheireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den tír clúdaithe ag crainn.