Is hibrid é Quercus x rosacea idir an dair ghallda agus an dair ghaelach. Níor ceapadh go raibh sí coitianta mar go dtagann bláth ar an dair ghallda coicís sula mbláthaíonn an dair ghaelach, agus bíonn trasphailniú níos deacra dá thoradh seo. Anuas ar sin, níl cuntas maith againn ar líon na hibridí seo in Éirinn mar go bhfuil sé deacair an speiceas a aithint de bharr go bhfuil tréithe athraitheacha ag an dá thuismitheoir. Ach deir luibheolaithe anois go mb’fhéidir go bhfuil Q. x rosacea, níos coitianta ná mar a ceapadh roimhe seo.