An Leamhán Sléibhe — “Is é an leamhán…”

Is é an leamhán sléibhe an t-aon leamhán atá dúchasach in Éirinn. Ní raibh tionchar chomh feiceálach ag an ngalar Dúitseach leamhán in Éirinn, i gcomparáid leis an mBreatain, mar nach raibh an leamhán chomh fairsing anseo agus a bhí ansin. Ach mar sin fhéin, buaileadh pobal leamháin na hÉireann go dona freisin. In ainneoin nach bhfuil an crann chomh líonmhar anois agus a bhí, tá an leamhán sléibhe fós le feiceáil ag fás in Éirinn. Tá sé réasúnta fairsing ar fud na tíre, cé is moite de chósta an iarthair.