An Leamhán Sléibhe — “Is furasta an leamhán…”

Is furasta an leamhán sléibhe a aithint óna chuid duilleog. Bíonn na himill fiaclach agus bíonn an dromchla garbh, cosúil le greanpháipéar.Bíonn barr na duilleoige biorach, ach is ag bun na duilleoige, in aice leis an ngas, a fheictear an tréith is uathúla a bhíonn ag na leamháin. Bíonn an duilleog neamhshiméadrach—bíonn leath amháin den duilleog níos faide ná an leath eile.