An Paide Bréan — “Is purgóid iad caora…”

Is purgóid iad caora an phaide bhréin (cosúil le caora an draighin fhearna). Is ón tréith seo a thagann an t-ainm Béarla purging buckthorn, agus an t-ainm eolaíoch cathartica. Bhíodh na caora ar díol ar mhargaí Bhaile Átha Cliath mar chógas leighis san 18ú aois, ach ní thógtar iad sa lá atá inniu ann.