Tá cosúlachtaí idir an paide bréan agus an draighean fearna ach is féidir na duilleoga a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag (is go hailtéarnach a fhásann na duilleoga a bhíonn ar an draighean fearna). Bíonn 2-3 péirí de féitheacha cuartha ar dhromchla na duilleoige. Tagann na féitheacha go léir le chéile ag bior na duilleoige ar an bpaide bréan, ach ritheann na féitheacha ó lár na duilleoige go dtí an imeall ar an draighean fearna.