Ba léir go raibh an t-iúr níos fairsinge fadó ná mar atá anois — dar leis an manach Breatnach, Giraldus Cambrensis (c.1146–c.1223), bhí an t-iúr níos coitianta in Éirinn ná in aon tír eile a thug sé cuairt air. Thug an manach suntas don mhéid crann ársa a bhí curtha i sean-reiligí agus in áiteanna beannaithe.