An tIúr — “Is ar leithinis Mhucrois,…”

Is ar leithinis Mhucrois, i gCill Airne, Contae Chiarraí, atá an choill iúir is mó (80 acra) sa tír anois. Tá coillte iúir freisin sa gCora, Contae Luimnigh, sa gCathair i gContae Thiobraid Árann, agus i gcorr-áit eile timpeall na tíre. Tá coill iúir amháin i gCoill an Ghabhann, in oirthear Chontae na Gaillimhe, atá éagsúil ón gcuid eile—is créafóg aigéadach atá sa gcoill, ina bhfuil dair ghaelach ag fás in éineacht leis an iúr.