Is crann buaircíneach é an t-iúr ach ní ionann toradh an iúir agus na buaircíní a bhíonn ag buaircíneacha eile cosúil leis na crainn phéine. Tugtar aral ar thoradh an iúir agus is toradh feolmhar dearg é, ar nós caor bheag, le síol amháin ina lár. Aibíonn an toradh sa bhfómhar.