Is léiriú ar chomh fairsing a bhí an t-iúr in Éirinn iad logainmneacha amhail Maigh Eo (sean-ainm eile ar an iúr), an tIúr in Ard Mhacha, Achadh na nIúr i nGaillimh, agus Loch an Iúir, Contae Dhún na nGall. Tá Cluain Iúrach i gContae Mhaigh Eo agus Eochaill i gContae Chorcaí. Tá Cill an Iúir mar logainm in, ar a laghad, 13 chontae éagsúla.