Is ón iúr a fuair na hEoghnachta, an treabh a bhí i réim i gCúige Mumhan ón 5ú céad go dtí an Mheánaois, a n-ainm. Is uathu seo a tháinig an t-ainm Eoghan nó Eoin. Thug sean-Ghaeil na hÉireann urraim don iúr (ibar) agus áiríodh an crann i measc uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is cosúil gur bronnadh an stádas seo ar an iúr mar gheall ar dhéantáin éagsúla a dhéantaí le hadhmad an chrainn.