An tIúr — “Tá an t-iúr ar…”

Tá an t-iúr ar cheann de na crainn is fadsaolaí in Éirinn. Meastar go bhfuil iúr i Loch Garman idir 800 agus 1,200 bliain d’aois agus ceaptar go bhfuil iúr Fortingall, i bPerthshire na hAlban, idir 3,000 agus 4,000 bliain d’aois. Bíonn sé deacair aois chruinn a chur ar iúir mar go loghann a gcroí-adhmad—a úsáidtear le haois crainn a mheas—nuair a éiríonn siad an-sean. Leathann craobhacha an iúr amach ón stoc agus, nuair a bhuaileann siad an talamh, fásann na géaga fréamhacha nua. Nuair a tharlaíonn sé seo, fágtar fáinne de chrainn iúir i bhfad tar éis don bhunchrann sa lár loghadh.