Tá an-tóir ag éin—go háirithe smólaigh—ar thorthaí an iúir. Tá an chuid is mó de chodanna an iúir—adhmad, coirt, duilleoga, agus síolta—nimhneach do dhaoine agus d’ainmhithe éagsúla. Níl an t-aral dearg a thimpeallaíonn an síol nimhneach, cé go bhfuil an síol féin. Mar nach bhfuil éin in ann an síol a dhíleá, ní chuireann an nimh isteach ná amach orthu. Is ar an gcaoi seo a scaiptear na síolta.