An tIúr — “Tá cúiseanna praiticiúla ann…”

Tá cúiseanna praiticiúla ann go mbeadh iúr curtha in aice le séipéal, mar atá go leor acu. Is le linn aifrinn Dhomhnach an Iúir, a chuireann tús le seachtain na Cásca, a bhaintí an úsáid is mó as géaga an iúir. Bhaintí úsáid as craobhacha ó chrainn eile mura raibh an t-iúr fairsing sa gceantar—an t-aiteal in Árainn agus giúiseanna nó an péine Albanach i gConamara, agus cufróga éagsúla freisin. Is é adhmad an iúir a dhóitear go minic chun luaithreach a ghiniúint do Chéadaoin an Luaithrigh freisin.