An tIúr — “Tá mí-ádh luaite leis…”

Tá mí-ádh luaite leis an iúr. De réir tagairt i mBailiúchán na Scol, ó Bhéal a Mhuirthid, Contae Mhaigh Eo, éagfaidh clann an té a bhfuil iúr ag fás ar a gcuid talún, agus gur chóir an crann a bhaint sula dtarlaíonn a leithéid. Más fairsing a bhí an phisreog seo, ní haon ionadh é nach bhfuil an t-iúr chomh coitianta in Éirinn agus a bhí.