An tIúr — “Tá tréith spéisiúil ag…”

Tá tréith spéisiúil ag an gcrann iúir le nach mbeidh air dul in iomaíocht le plandaí eile. Is crann ailléileapatach é —scaoileann sé ceimiceáin amach a stopann plandaí ag fás thart timpeall ar an gcrann. Tugtar alcalóidigh ar na ceimicéain. Bíonn siad sna duilleoga a thiteann ón gcrann, agus úscann na fréamhacha iad isteach san ithir freisin.