An Leamhán Sléibhe
Ulmus glabra
Tháinig an leamhán sléibhe go hÉirinn 9,000 bliain ó shin, in éineacht leis an dair, an fhuinseog agus an fhearnóg. Is i lár na tíre is mó a d’fhás sé, in éineacht leis an dair. Nuair a dhéantar staidéar ar phátrún stairiúil pailine, feictear laghdú mór i bpailin an leamháin 5,000 bliain ó shin. Cé go raibh crainn leamháin á ngearradh ag daoine chun talamh a chur ar fáil d’fheirmeoireacht (mar go raibh siad ag fás ar thalamh maith), ceaptar gur galar ba chúis le meath an leamháin ag an am. Is leid é seo dúinn go mb’fhéidir go raibh an leamhán leochaileach do ghalair agus go raibh ionsaithe rialta á ndéanamh ar an gcrann ar feadh na mílte bliain.