Is alcalóidígh taicsín—ceimiceáin atá i ngach cuid den chrann seachas in aral an toraidh—iad na comhdhúile is cúis le nimh an iúir. Cé go bhfuil an nimh seo marfach, fritheadh amach go bhfuil na ceimicí seo in ann dochar a dhéanamh do chealla ailse. D’éirigh le heolaithe substaint ar a dtugtar paclitaxel a shintéisiú as an nimh a bhíonn san iúr Ciúin-Aigéanach (Taxus brevifolia) atá anois in úsáid i gceimiteiripe le cóir leighis a chur ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse brollaigh, ailse ubhagáin, agus ailse scamhóg. Rinneadh sléacht ar chrainn iúir an domhain, an t-iúr coiteann san áireamh, chun an acmhainn seo a fháil sular éirigh le heolaithe na drugaí seo a shintéisiú.