Bhreathnaítí ar an iúr mar chrann láidir, cumhachtach, contúirteach, agus tá miotaseolaíocht aige nach bhfuil ag mórán crann eile. Tugann dán ón 6ú céad Dia dronbhalc (láidir) ar Eo Rosa, crann iúir i Seanleithghlinn, Contae Cheatharlach. De réir an tseanchais, shantaigh na naoimh ag an am adhmad an chrainn le séipéal a thógáil, agus thosaíodar ag guí le go leagfaí é. Cé gur bhog guí na naomh eile na fréamhacha, níor éirigh ach le paidreacha Naomh Laisrén an crann a leagan. Nuair a thit sé roinneadh na craobhacha i measc na naomh in Éirinn, agus d’úsáid Naomh Mholing iad chun díon a chur ar shéipéal ar shuíomh mhainistreach Mholing i gContae Cheatharlach.