Blúiríní: Sainaithint ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Sainaithint + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Sainaithint Aral Bachlóga Bláth Buaircín Capsúl Coirt Deilgní Duilleog Géaga Samár Saothróg Stípeoga Toradh Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Sainaithint Duilleog An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is furasta an fhuinseog a aithint óna cuid duilleog. Bíonn siad cleiteacha—cosúil leis an gcaorthann (Sorbus aucuparia), crann a dtugtar mountain ash air i mBéarla, cé nach bhfuil gaol gar eatarthu. Tá idir 3 agus 6 phéirí duillíní ag gach duilleog, le duillín amháin ag fás amach ó dheireadh na duilleoige. Níl na duilleoga in ann ag oícheanta seaca—tagann dath dubh orthu agus maraítear iad. Is é seo ceann de na fáthanna go dtagann siad amach chomh deireanach sin sa mbliain. Ní thagann athrú suntasach ar dhathanna na fuinseoige sa bhfómhar agus is minic go mbíonn siad fós glas nuair a thiteann siad. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Crann Silíní Fiáin Prunus avium Is duilleoga éilipseacha a bhíonn ar an gcrann silíní fiáin, le himill fhiaclacha orthu. Bíonn dhá fhaireog dhearg ar an dá thaobh de ghas na duilleoige. Ceaptar go mealann na faireoga seo feithidí a itheann feithidí a dhéanann damáiste don chrann. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Is furasta an leamhán sléibhe a aithint óna chuid duilleog. Bíonn na himill fiaclach agus bíonn an dromchla garbh, cosúil le greanpháipéar.Bíonn barr na duilleoige biorach, ach is ag bun na duilleoige, in aice leis an ngas, a fheictear an tréith is uathúla a bhíonn ag na leamháin. Bíonn an duilleog neamhshiméadrach—bíonn leath amháin den duilleog níos faide ná an leath eile. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Toradh Samár An Mhailp Lochlannach Acer platanoides Bíonn dhá shíol greamaithe le chéile ag an mhailp Lochlannach, agus fuadaítear iad sa ngaoth nuair a bhíonn siad aibí. Is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta greamaithe, ach ní bhíonn an uillinn eatarthu chomh géar leis an gceann idir síolta an tseiceamóra (Acer pseudoplatanus). Mar chomparáid, is i líne dhíreach a bhíonn na síolta thoradh na mailpe (Acer campestre). Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bláth An tAiteann Gaelach Ulex gallii Is dath órbhuí a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghaelaigh, le hais an dath buí éadrom a bhíonn ar bhláthanna an aitinn ghallda. Bíonn boladh láidir cnó cócó uathu. Is ag deireadh an tsamhraidh is mó a thagann bláthanna ar an aiteann gaelach. Is bealach maith é seo chun an t-aiteann gaelach a aithint, mar gur iondúil nach mbíonn mórán sceacha den aiteann gallda faoi bhláth ag an am sin. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Bláth An Pribhéad Ligustrum vulgare Is planda sceachach é an pribhéad atá an-chosúil leis an bpribhéad Calafoirniaich, éalaitheach ghairdín neamhdhúchasach. Bíonn na géaga óga agus an bláthra clúmhach ar an bpribhéad (ní bhíonn siad clúmhach sa bpribhéad Calafoirniach). Is cruth lansach a bhíonn ar na duilleoga (bíonn cruth ubhach ar dhuilleoga an phribhéid Calafoirniach, agus bíonn scáil lonrach orthu). Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn an taobh íochtarach gormghlas. Tagann ribí gruaige rua ar an taobh íochtarach freisin, ribí a bhíonn feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bachlóga An Fhuinseog Fraxinus excelsior Bíonn sé éasca an fhuinseog a aithint sa ngeimhreadh ó na bachlóga móra dubha a bhíonn ar aghaidh a chéile ar an ngéag, agus a sheasann amach go láidir i gcomparáid leis an gcoirt gheal. Is cruth sféarach a bhíonn ar na bachlóga, cé is moite den bhachlóg mhullaigh chónach a bhíonn ag deireadh na géige. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Liath Alnus incana Bíonn duilleoga ubhchruthacha le bior ar bharr na nduilleog ar an bhfearnóg liath, murab ionann agus an fhearnóg dhúchasach, a mbíonn duilleoga piorracha uirthi, le heang ar a mbarr. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bláth An Crann Silíní Fiáin Prunus avium Bíonn a ngas féin ag gach bláth ar an gcrann silíní fiáin agus fásann siad i mbraislí de 2-5 bláth. Mar chomparáid, is ar raicéimí fada a bhíonn na bláthanna ar an donnroisc (Prunus padus), crann a bhreathnaíonn cosúil leis an crann silíní fiáin. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Paide Bréan Rhamnus cathartica Tá cosúlachtaí idir an paide bréan agus an draighean fearna ach is féidir na duilleoga a úsáid chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Fásann na duilleoga ar aghaidh a chéile ar an ngéag (is go hailtéarnach a fhásann na duilleoga a bhíonn ar an draighean fearna). Bíonn 2-3 péirí de féitheacha cuartha ar dhromchla na duilleoige. Tagann na féitheacha go léir le chéile ag bior na duilleoige ar an bpaide bréan, ach ritheann na féitheacha ó lár na duilleoige go dtí an imeall ar an draighean fearna. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Géaga An tSaileach Bhriosc Salix x fragilis Murab ionann agus saileacha eile, is furasta na géaga a bhriseadh den tsaileach bhriosc — ceaptar gur ón tréith seo a fuair an crann an t-ainm Gaeilge, an t-ainm Béarla, agus an t-ainm eolaíoch (fragilis). Thugtaí sail na mbaintreach ar an tsaileach bhriosc i Sasana, mar go raibh sé de nós ag géaga an chrainn titim anuas ar fhir chéile gan aon fhógra. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Deilgní An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Tá cosúlachtaí idir an ghiolcach shléibhe agus an t-aiteann (Ulex spp.), ach ní planda deilgneach í an ghiolcach shléibhe. Bíonn na géaga fada, glas, agus eiteach. Is duilleoga trídhuilleacha, le duillíní lansacha, a bhíonn ar an bplanda. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Géaga An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is minic go mbíonn deireadh na ngéag cuartha suas ar an bhfuinseog, tréith atá uathúil don chrann seo, agus bealach eile éasca chun an fhuinseog a aithint sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Toradh Samár An Mhailp Acer campestre Bíonn scáil dhearg ar shíolta na mailpe, a bhíonn i bpéirí agus ailínithe ar aghaidh a chéile ag 180° (is i gcruth ‘V’ a bhíonn na síolta ar an seiceamóir). Scaiptear sa ngaoth iad sa bhfómhar agus péacann siad tar éis 18 mí. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Coirt Géaga An tSailchearnach Salix caprea Cé go bhfuil an tsailearnach agus an tsaileach rua (Salix cinerea) an-chosúil lena chéile, tá bealach ann chun iad a aithint ón chéile sa ngeimhreadh. Ní bhíonn stríoca ag rith síos fad na ngéag nuair a bhaintear an choirt den tsailchearnach—bíonn stríoca le feiceáil ar adhmad na sailí rua. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Buaircín An Péine Albanach Pinus sylvestris Bíonn cruth ubhach nó cónach ar na buaircíní a bhíonn ar an bpéine Albanach, agus iad go minic neamhshiméadrach. Bíonn gainní an bhuaircín mín—bíonn bior géar ar ghainní an phéine contórtaigh (Pinus contorta), crann atá an-chosúil leis an bpéine Albanach. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Tréithe Bachlóga Duilleog Bratóga An Dair Ghaelach Quercus petraea Is furasta an dair a aithint sa ngeimhreadh mar go mbíonn triopaill de bhachlóga duilleoige ar bharr na ngéag. Mar go mbíonn siad leochaileach do shioc crua, ní thagann duilleoga ar an dair go dtí deireadh Aibreáin nó tús Bealtaine. D’fhéadfadh borrfhás eile duilleog a bheith ann níos deireanaí sa samhradh. Ceaptar gur eascair an tréith seo mar chosaint ón dídhuilliú a dhéanann bratógaí níos luaithe sa samhradh. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bachlóga An Fheá Fagus sylvatica Is géaga tanaí a bhíonn ar an gcrann, agus bíonn bachlóga na nduilleog fada agus biorrach. Is dath deargdhonn a bhíonn orthu sa ngeimhreadh. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bláth Toradh Capsúl Aral An Feoras Euonymus europaeus Is mar gheall ar thorthaí an fheorais a bhfuil cáil ar an sceach seo. Is mar chapsúl glas le ceithre lóba a thosaíonn siad ag fás, sula dtagann scáil de mhaigeanta agus bándearg, dathanna nach bhfuil le feiceáil ar aon phlanda eile, ar na torthaí. Osclaíonn an capsúl seo idir Meán Fómhair agus Mí na Samhna chun arail oráiste na síolta a nochtadh. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Thugtaí torthaí an chrainn cnó capaill do chapaill, agus deirtear gur as sin a tháinig ainm an chrainn. Ach má bhreathnaítear go géar ar an lorg duille ar na craobhacha, feicfear go bhfágann an duilleog, a thiteann ón ngéag sa bhfómhar, lorg crú capaill ar an gcraobh, freisin. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Péine Albanach Pinus sylvestris Is le chéile i bpéirí a fhásann na duilleoga spíonlacha, righin, a bhíonn ar an bpéine Albanach. Is dath glas dorcha a bhíonn orthu ach tugann na línte stómaí (na poill bheaga a éascaíonn malartú gáis) ar na duilleoga scáil ghorm nó liathghorm don duilliúr. Is tréith uathúil í seo a bhíonn ag an bpéine Albanach. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Saothróg Duilleog An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Is dath glas dorcha a bhíonn ar an taobh uachtarach ar dhuilleog an tseiceamóra. Is iondúil go mbíonn siad níos gile ar thaobh íochtarach na duilleoige, ach tá saothróga ann (var. purpureum) a bhfuil dath corcra ar thaobh íochtarach na nduilleog. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Bláth An Sceach Gheal Crataegus monogyna Tagann bláth ar an sceach gheal tar éis d'oscailt na nduilleog, tagann bláth ar an draighean (Prunus spinosa) sula n-osclaíonn na duilleoga. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An Dair Ghaelach Quercus petraea Is ar éigean go mbíonn gas duilleoige (peitín a thugtar air) ar bith ag an dair ghallda, ach bíonn ceann réasúnta fada (os cionn 1 cm) ar dhuilleoga na darach gaelaí. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog Stípeoga An Crann Sníofa Salix aurita Aithnítear an crann sníofa mar gheall ar na stípeoga móra, a bhreathnaíonn cosúil le cluasa, a bhíonn ag bun na nduilleog. Bíonn na duilleoga rocach freisin, tréith nach bhfuil ag mórán saileacha eile. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Bachlóga An Chaor Chon Viburnum opulus Aithnítear an chaor chon sa ngeimhreadh mar go mbíonn bachlóga na nduilleog ar aghaidh a chéile ar an ngas, agus brúite isteach in aghaidh na géige. Is minic a thagann dath dearg ar na bachlóga sula n-osclaíonn na duilleoga. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Sainaithint Coirt An Péine Albanach Pinus sylvestris Bíonn an choirt uachtarach ar crainn phéine Albanacha a bhíonn níos sine, tanaí, gainneach agus le dath deargdhonn nó fiú oráiste air. Is tréith uathúil í seo atá ag an bpéine Albanach, nach bhfuil ag crainn phéine eile. Bíonn an choirt dhonn atá níos gaire don talamh tiubh agus scoilte ina bplátaí móra garbha. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Géaga An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Nuair a bhaintear an choirt de ghéag ar an tsaileach rua (nó an tsaileach liath) feictear stríoca ar dhromchla nochtaithe na ngéag. Ní bhíonn na stríoca seo le feiceáil sa tsailchearnach, crann atá an-chosúil leis an tsaileach rua agus an tsaileach liath. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Dair Ghaelach Quercus petraea Bíonn duilleoga maothánacha ag an dair ghaelach agus an dair ghallda. Bíonn duilleoga na darach gaelaí níos faide ná mar a bhíonn siad leathan, agus is os cionn lár na duilleoige a bhíonn an leithead is mó. Bíonn dhá mhaothán ar an dá thaobh den ghas ag bun na duilleoige ag an dair ghallda—tréith nach mbíonn ag an dair ghaelach. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An tSaileach Chorcra Salix purpurea Fásann na duilleoga a bhíonn ar an tsaileach chorcra ar aghaidh a chéile ar an ngas (go hurchomhaireach), murab ionann agus na saileacha eile in Éirinn, a mbíonn duilleoga ailtéarnacha acu. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog ornáideach An Pribhéad Calafoirniach Ligustrum ovalifolium Tá an pribhéad Calafoirniach curtha go fairsing i ngairdíní ar fud na tíre, agus faightear ag fás go fiáin é mar éalaitheach gairdín freisin. Is i gcruth na nduilleog is mó a fheictear an difríocht idir an pribhéad Calafoirniach (le duilleoga lonracha ubhacha) agus an pribhéad dhúchasach (le duilleoga neamhlonracha lansacha). Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Coirt An Fheá Fagus sylvatica Is dath liath nó dath an airgid a bhíonn ar choirt na feá agus is furasta an speiceas a aithint sa ngeimhreadh ó chrainn mhóra dhuillsilteacha eile amhail an fhuinseog (Fraxinus excelsior) nó na daracha (Quercus spp.) mar go mbíonn coirt na feá an-mhín—ní thagann scoilteanna ann le haois, fiú i gcrainn lánfhásta. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Liath Salix cinerea fosp. cinerea Is plandaí den speiceas céanna iad an tsaileach liath agus an tsaileach rua (Salix cinerea oleifolia). Is beag difríocht atá eatarthu, seachas go dtagann ribí gruaige rua ar thaobh íochtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn siad feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Ní bhíonn na ribí seo ar dhuilleoga na sailí léithe. Bíonn scáil liath ar dhuilleoga an dá fhospeiceas, agus is uaidh sin a thagann cinerea, a chiallaíonn luaith, san ainm eolaíoch. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Duilleog An Fhearnóg Iodálach Alnus cordata Is sna duilleoga is mó gur féidir na difríochtaí a fheiceáil idir an fhearnóg choiteann agus an fhearnóg Iodálach. Bíonn dromchla uachtarach dhuilleoga na fearnóige Iodálaí lonrach agus bíonn dath glas geal orthu — i gcodarsnacht le dath neamhlonrach, níos dorcha na fearnóige coitinne. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Coirt An Fhuinseog Fraxinus excelsior Is furasta fuinseoga lánfhásta a aithint ó phátrún na coirte ar an stoc. Bíonn dath liathdhonn geal uirthi. Cé go bíonn sí mín i gcrainn óga, éiríonn sí scoilteánach le haois. Mar go dtéann na scoilteanna éadoimhne, ingearacha seo trasna ar a chéile, bíonn pátrún uathúil diamainte ar choirt na fuinseoige. Blúiríní an phlanda seo →