Blúiríní: An tSaileach Rua ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach ← Ar ais chuig An tSaileach Rua Úsáid Ceimiceáin Pianmhúchán Frith-Athlastacha An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Ar feadh na mílte bliain, bhí an-tóir mar acmhainn leighis ar chrainn i ngéineas na saileach, agus tá údar maith leis sin. Cé gur san airgead luachra (Filipendula ulmaria) a aimsíodh an t-aigéad salaicileach, frítheadh an ceimiceán céanna i sú agus i gcoirt na saileach, agus is mar gheall air seo a tugadh salicin air. Is ón gceimiceán seo a dhéantar aspairín, pianmhúchán agus druga frith-athlastach neamhstéaróideach. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Tá an tsaileach Salix cinerea ar cheann de na saileacha is coitianta in Éirinn. Aithnítear go bhfuil dhá fhospeiceas ann: an tsaileach rua (S. cinerea oleifolia) agus an tsaileach liath (S. cinerea cinerea). Tá an tsaileach rua forleathan agus an-choitianta in Éirinn. Fásann an tsaileach liath in oirthuaisceart an oileáin den chuid is mó. Tá difríochtaí beaga idir an dá chineál le feiceáil sna duilleoga agus sna géaga, ach seachas sin tá an dá chineál crann an-chosúil lena chéile. Blúiríní an phlanda seo → Sainaithint Géaga An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Nuair a bhaintear an choirt de ghéag ar an tsaileach rua (nó an tsaileach liath) feictear stríoca ar dhromchla nochtaithe na ngéag. Ní bhíonn na stríoca seo le feiceáil sa tsailchearnach, crann atá an-chosúil leis an tsaileach rua agus an tsaileach liath. Blúiríní an phlanda seo → Leigheas An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Cé go bhfuil tréithe na sailí mar phianmhúchán aitheanta go heolaíoch, níl fianaise eolaíoch le gach úsáid a bhaintí as an gcrann. Luaiter go minic i mBailiúchán na Scol gur 'leigheas' do dhaoine maola í: "It is said if your head is bald, to make ointment by boiling the marrow of a bone and the bark of a black sally together. This is supposed to be rubbed on the head regularly and in a short time the hair will grow." Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Iomadú Ceimiceáin Úsáid Garraíodóireacht An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is furasta do shaileacha iomadú — ní gá ach géag shailí a shá sa talamh agus déanfaidh sí crann nua in achar gearr ama. Is é an ceimiceach aigéad indole-3-butyric (IBA) is cúis leis seo, agus tá go leor de i gcoirt na saileach. Is hormón é seo a dhíoltar in ionaid gharraíodóireachta mar shubstaint spreagtha fréamhacha. Blúiríní an phlanda seo → Ainmneacha Sainaithint Duilleog An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Is dath glas neamhlonrach a bhíonn ar thaobh uachtarach na nduilleog ar an tsaileach rua. Bíonn an taobh íochtarach gormghlas. Tagann ribí gruaige rua ar an taobh íochtarach freisin, ribí a bhíonn feiceálach ag deireadh an tsamhraidh. Is ón tréith seo a fhaigheann an tsaileach rua a ainm. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Ceol An tSaileach Rua Salix cinerea fosp. oleifolia Cé nach adhmad d’ardchaighdeán atá ag an tsaileach—tá sé bog, éadrom, agus solúbtha—bhí sé fairsing agus éasca le fás. Chuige sin, b’iomaí úsáid a bhaintí as adhmad ó chrann a bhí chomh flúirseach. D’úsáidtí é chun cruiteanna a dhéanamh in Éirinn go dtí an 19ú haois. Blúiríní an phlanda seo →