Blúiríní: Stair ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna: Stair + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Fochlibeanna + Fochlibeanna: Stair Bagairt Bretha Comaithchesa Ceiltigh Galar Leamhan Oighearaois Pailin Portach Uirlisí Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach Stair Seanchas An tIúr Taxus baccata Is ón iúr a fuair na hEoghnachta, an treabh a bhí i réim i gCúige Mumhan ón 5ú céad go dtí an Mheánaois, a n-ainm. Is uathu seo a tháinig an t-ainm Eoghan nó Eoin. Thug sean-Ghaeil na hÉireann urraim don iúr (ibar) agus áiríodh an crann i measc uaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Is cosúil gur bronnadh an stádas seo ar an iúr mar gheall ar dhéantáin éagsúla a dhéantaí le hadhmad an chrainn. Blúiríní an phlanda seo → Stair Dáileadh An Róslabhras Rhododendron ponticum Cé go mbreathnaítear air mar phlanda neamhdhúchasach, bhí an róslabhras dúchasach in Éirinn sa tréimhse idiroighreach Hocsnach, idir 424,000 agus 374,000 bliain ó shin. Is léiriú é seo ar stair chasta luibheolaíochta na hÉireann. Blúiríní an phlanda seo → Stair An tAiteann Gallda Ulex europaeus Bhí luach ag aiteann fadó — ghearrtaí deachú eaglasta ar gharrantaí aitinn sa 16ú haois. Bhí táirgeacht gharraí aitinn (furzy pasture a thugtaí air i mBéarla) chomh luachmhar céanna le talamh arúil sa 17ú haois. Ba mhór an buntáiste é don té a raibh aiteann ag fás ar a thalamh. Is léiriú é ar shaibhreas an aitinn an nath: “An t-ór faoin aiteann, an t-airgead faoin luachra, agus an gorta faoin bhfraoch.” Blúiríní an phlanda seo → Stair Seanchas An Castán Castanea sativa Tá dhá chrann castáin ag fás in áit ar a dtugtar Cranmore, ar Bhóthar Uí Mhaoileoin i ndeisceart Bhéal Feirste. Thugtaí Orange Grove ar an áit roimhe sin mar go ndeirtí go raibh na castáin atá ann chomh mór sin, in 1690, go raibh Liam Oráiste in ann foscadh a thabhairt dá chapaill fúthu. Ba leis an luibheolaí aitheanta, John Templeton (1766-1825), an suíomh ina dhiaidh sin. Bhí sé báúil do na hÉireannaigh Aontaithe agus d’athraigh sé ainm na háite ó Orange Grove go Cranmore (Crann Mór). Blúiríní an phlanda seo → ornáideach Stair An Fheá Fagus sylvatica Is saothróg den fheá í an fheá rua (Fagus sylvatica purpurea), ar a bhfásann duilleoga corcra nó deargdonn. Tá sé thar a bheith neamhghnáthach ceann a fheiceáil ag fás go fiáin, agus is ó ghearrthóga de thrí chrann-ceann ó 1680 san Eilvéis, ó 1722 sa nGearmáin, agus ó 1840 san Iodáil-a thagann formhór na bhfeánna rua atá ag fás sa domhain inniu. Cé go bhfuil sceacha le duilleoga corcra coitianta in Éirinn, tá an fheá rua ar an bplanda is mó a bhfuil duilliúr corcra aici. Blúiríní an phlanda seo → Stair Leamhan Éiceolaíocht Leamhan An Dair Ghaelach Quercus petraea Mar aon le speiceas ar bith eile, tá an dair leochaileach d’ionfhabhtú ó bhaictéir agus fungais, agus d’ionradh ó fheithidí. Thug nóta gan dáta, scríofa ar phíosa veillim agus sáite isteach i Leabhar Buí Leacáin (ón 14ú nó 15ú haois) le fios nár fhág ionfhabhtú ón leamhan, Tortrix viridana, duilleog amháin féin ar na daracha i gcríocha Uí Fhlaithearta in iarthar Chonnacht. Blúiríní an phlanda seo → Stair Dáileadh An tIúr Taxus baccata Ba léir go raibh an t-iúr níos fairsinge fadó ná mar atá anois — dar leis an manach Breatnach, Giraldus Cambrensis (c.1146–c.1223), bhí an t-iúr níos coitianta in Éirinn ná in aon tír eile a thug sé cuairt air. Thug an manach suntas don mhéid crann ársa a bhí curtha i sean-reiligí agus in áiteanna beannaithe. Blúiríní an phlanda seo → Éiceolaíocht Planda Téisclime Stair Oighearaois An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Bhí na beitheanna i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis an oighrithe dheiridh. Léiríonn taifid pailine ón am sin gur scaip siad go tapa ar fud an oileáin luath sa tréimhse Holaicéineach, timpeall 10,000 bliain ó shin. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Péine Albanach Pinus sylvestris Cé gur ceapadh gur díothaíodh an péine Albanach dúchasach ón tír, tá fianaise tagtha chun solais nach bhfuil sé sin amhlaidh nuair a déanadh anailís ar thaifead phailin ó miondhíseart de chrainn phéine i gContae an Chláir. Cé go raibh meath soiléir i bpailin an chrainn timpeall 1,550 bliain ó shin, chonaic luibheolaithe ardú i líon na pailine ina dhiaidh sin. Léirigh sé seo nár díothaíodh na crainn péine ón áit sin. Táthar anois ag bailiú síolta ó na crainn dhúchasacha seo agus ag scaipeadh stoc géiniteach dúchasach an phéine Albanaigh arís. Blúiríní an phlanda seo → Stair An Coll Corylus avellana Bhí an coll i measc na gcéad chrainn a tháinig go hÉirinn timpeall 10,000 bliain ó shin. Scaip sé go tréan, agus 1,000 bliain ina dhiaidh sin bhí an tír brataithe le collmhuineacha. Aimsíodh iarsmaí de chollchnónna, i dtithe Méisiliteacha atá 9,000 bliain d’aois, i gCúil Raithin, Contae Dhoire. Blúiríní an phlanda seo → Stair Galar Dáileadh An Leamhán Sléibhe Ulmus glabra Tháinig an leamhán sléibhe go hÉirinn 9,000 bliain ó shin, in éineacht leis an dair, an fhuinseog agus an fhearnóg. Is i lár na tíre is mó a d’fhás sé, in éineacht leis an dair. Nuair a dhéantar staidéar ar phátrún stairiúil pailine, feictear laghdú mór i bpailin an leamháin 5,000 bliain ó shin. Cé go raibh crainn leamháin á ngearradh ag daoine chun talamh a chur ar fáil d’fheirmeoireacht (mar go raibh siad ag fás ar thalamh maith), ceaptar gur galar ba chúis le meath an leamháin ag an am. Is leid é seo dúinn go mb’fhéidir go raibh an leamhán leochaileach do ghalair agus go raibh ionsaithe rialta á ndéanamh ar an gcrann ar feadh na mílte bliain. Blúiríní an phlanda seo → Stair Ceiltigh An Coll Corylus avellana Ba mhinic do na Ceiltigh ársa ainmneacha pearsanta a bheith acu bunaithe ar ainmneacha na gcrann. De réir an tseanchais, bhí Mac Cuill (ainmnithe in ómós don choll) mar cheann de thriúr deartháireacha, le Mac Gréine agus Mac Cecht, sna Tuatha Dé Danann. Blúiríní an phlanda seo → Inite Toradh Cnó Stair An Coll Corylus avellana Tá na collchnónna inite i measc na gcnónna is mó tóir sa domhan. Is foinse mhaith saille (beagnach 70% i saothróga éagsúla) agus próitéine iad. Tá vitimíní tábhachtacha iontu freisin, vitimín E (don chóras imdhíonachta) agus vitimín B9 (go maith don fhuil) san áireamh. Is foinse mhaith ghairbhsí iad freisin. Maítear gurb iad collchnónna an fhoinse bhia plandabhunaithe ab fhairsinge, agus ab fhearr ó thaobh cothaithaigh de, a bhí ar fáil i gcoillte na hÉireann d’fhiagaithe cnuasaitheoirí le linn na tréimhse réamhstairiúla. Blúiríní an phlanda seo → Stair Uirlisí An Seiceamóir Acer pseudoplatanus Aimsíodh lámh oirnéise déanta as adhmad an tseiceamóra i gContae na Mí, atá idir 1,400 agus 1,000 bliain d’aois. Ní fianaise é sin go raibh an seiceamóir ag fás in Éirinn, ach tá an seiceamóir in Éirinn le os cionn 400 bliain, mar go bhfuil fianaise ann go raibh siad ag fás i nDoire in 1610. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid Bád An Dair Ghaelach Quercus petraea Tugann fad na mbád scaobtha, soithigh a bhí fairsing ar lochanna na hÉireann na mílte bliain ó shin, leid dúinn faoi mhéid na gcrann a bhí ag fás in Éirinn ag an am. Is as clár amháin darach a dhéantaí na báid seo. Aimsíodh bád in aice le Eadargúil, Contae na Gaillimhe atá 15m fada agus beagnach 4,000 bliain d’aois. Níl dair fágtha sa tír anois a bheadh in ann cláir a sholáthar chun bád scaobtha chomh fada sin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Bretha Comaithchesa Úsáid Fodar An Cuileann Ilex aquifolium Thugtaí duilleoga cuilinn do bheostoc mar fhodar geimhridh, i Sasana agus in Éirinn. Bhíodh garrán cuilinn ar fheirmeacha le freastal ar an éileamh seo, agus lean an cleachtas ar aghaidh go dtí an 18ú haois. Maítear go mb’fhéidir gur mar gheall air seo a áiríodh an cuileann mar cheann de huaisle na coille (airig fedo) sa bhFéineachas. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Barra Stair An tAiteann Gallda Ulex europaeus Shaothraítí an t-aiteann i gContae Chorcaí in 1810 — chuirtí é i rónna comhthreomhara, ag fágáil dóthain spáis idir na rónna le go bhféadfaí barraí eile a chur eatarthu. D’fhágtaí an t-aiteann ag fás ar feadh ceithre bliana nó go mbeadh sé 2m ar airde, agus ansin bhaintí é. Bhí móinéar aitinn — drochthalamh ina raibh aiteann curtha—ag beagnach chuile fheirmeoir. Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Tarra Stair An Bheith Chlúmhach Betula pubescens Is féidir tarra a dhéanamh as coirt na beithe ach é a thriomú i dteas ard agus gan mórán aeir a scaoileadh chuige, próiseas ar a dtugtar turdhriogadh. Aimsíodh tarra beithe ar uirlisí cloiche i dTuscáin na hIodáile a rinneadh sa tréimhse Pléisticéineach (185–135,000 bliain ó shin). Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid An Dair Ghaelach Quercus petraea Is as dair a dhéantaí formhór an fhioghuail a bhí ag teastáil chun iarann a bhruithniú sular tosaíodh ar ghual a dhó. Thosaigh daoine ag bruithniú iarainn os cionn 2,000 bliain ó shin agus bhí an cheird fairsing ar an oileán seo—tá 79 foirnéis bhruithnithe ón Iarannaois aimsithe ag seandálaithe in Éirinn go dtí seo. Blúiríní an phlanda seo → Stair Bagairt An Dair Ghaelach Quercus petraea hosaigh gortghlanadh na ndarach in Éirinn leis na pobail neoiliteacha a shroich an t-oileán timpeall 6,000 bliain ó shin. Faoin mbliain 1600 AD bhí níos lú ná 20% den oileán clúdaithe le crainn. Threisigh an próiseas seo le fás daonra na tíre, agus nuair a tosaíodh ar an tír a phlandáil mar b’acmhainn fíor-thábhachtach a bhí sa dair. Ní raibh na foraoisí in ann ag an éileamh ó thionscadail na súdaireachta, na cúipéireachta, agus úsáidí eile a bhí ag an bpobal don dair. Faoi dheireadh an 19ú haois, ní raibh ach 1% den tír clúdaithe ag crainn. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair Tréithe Airde An tSaileach Bhán Salix alba Tá an tsaileach bhán ar an saileach (crann sa ngéineas Salix) is mó agus is airde—fásann sí chomh hard le 25m. Níl sí dúchasach in Éirinn. Ceaptar gur núíosach í—is é sin, gur tháinig an crann ar an oileán tar éis 1550 AD. Blúiríní an phlanda seo → Stair An Fheá Fagus sylvatica Cé go bhfuil an fheá ag fás i ndeisceart na Breataine le timpeall 5,000 bliain, ní crann í a tháinig go hÉirinn go nádúrtha. Ní fios cén uair ar tugadh an fheá isteach go hÉirinn, ach b’fhéidir gur tháinig sí leis na Normanaigh, dream a bhí eolach go maith faoin gcrann. Bhí an-tóir ar an gcrann anseo, cuireadh go forleathan í, agus tá sí anois nádúraithe in Éirinn. Blúiríní an phlanda seo → Tréithe Aois Stair An Dair Ghallda Quercus robur Is crainn fhadsaolacha iad na daracha — bíonn dair ársa nuair a bhíonn sí os cionn 400 bliain d’aois, agus tá daracha ann atá os cionn 1,000 bliain d’aois. Deirtear gurb é Brian Bóramha, a cailleadh sa bhliain 1014, a chuir an dair ghallda ársa i dTuaim Gréine, Contae an Chláir. Tá sí beagnach 8 m timpeall an stoic. Tá dair ghallda eile, an King Oak, i gCaisleán an Rátha, Contae Chorcaí, ar a laghad 400 bliain d’aois, agus meastar go bhféadfadh sí a bheith 800 bliain d’aois. Blúiríní an phlanda seo → Seanchas Stair Logainmneacha An Fionncholl Gaelach Sorbus hibernica Tá fianaise ann go raibh adhmad an fhionnchoill in úsáid mar bhreosla tine os cionn 4,000 bliain ó shin. Ach ní léir go bhfuil mórán béaloidis faoin gcrann in Éirinn, b’fhéidir mar nach raibh sé ariamh chomh fairsing sin. Níl ainm an chrainn coitianta i measc logainmneacha na tíre ach an oiread. Áiríodh an crann i measc na fodla fedo, an aicme crann is ísle, rud a léiríonn go mb’fhéidir nach raibh luach an-ard ag an gcrann i measc phobal na tíre. Blúiríní an phlanda seo → Stair Úsáid Nimh Cogadh An tIúr Taxus baccata Tá sé ráite gur foinse adhmaid do bhoghanna a bhí sna hiúir a cuireadh in aice le séipéil. Chuireadh na Ceiltigh nimh an iúir ar a gcuid saighdeanna agus bhí dlí sa Mheánaois in Albain go gcaithfeadh iúr a bheith ag fás i ngach reilig paróiste, le go mbeadh dóthain nimhe acu i gcás cogaidh. Blúiríní an phlanda seo → Stair Portach An tIúr Taxus baccata Cosúil leis an dair agus an ghiúis phortaigh, faightear iúr portaigh ar phortaigh na tíre — iarsmaí de shean-choillte ársa an oileáin. Tá iúr portaigh in Móin Alúine i gContae Uíbh Fhailí a bhí ag fás na mílte bliain ó shin. Tá sé le fáil i Maigh Eo freisin, ach is beag measa a bhí ag muintir Mhaigh Eo ar iúr portaigh sa gcontae. Ní dhódh sé chomh maith le giúsach agus ní fhéadfaí maidí siúil maithe a dhéanamh as ach an oiread, mar a dhéantaí as an dair phortaigh. Blúiríní an phlanda seo → Stair Seanchas ádh Nollaig An Cuileann Ilex aquifolium Ceaptar gur tosaíodh ag úsáid craobhacha an chuilinn le linn féile Saturnalia na Rómhánaigh, seachtain de dhamhsa agus ceol a bhí ar siúil le linn ghrianstad an gheimhridh. Nuair a tháinig féile na Nollag i gcomharba ar Saturnalia, coinníodh leis an gcleachtas, agus chuirtí cuileann agus eibheann ar fhuinneoga agus ar leac an dorais le linn na féile. Is chun ádh a thabhairt don teaghlach a dhéantaí é, ach níor mhór a bheith cúramach mar, de réir taifead i mBailiúchán na Scol ó Mhaigh Eo, “má thuiteann an eidhneán agus an cuileann beidh droch-rath ar an teach go ceann bliana.” Blúiríní an phlanda seo → Úsáid Sainaithint Stair An Draighean Prunus spinosa Is as adhmad an draighin a dhéantaí maidí siúil (an tsail éille, cé nárbh as an tsaileach (Salix spp.) a bhí siad déanta go minic). Dhéantaí bataí den draighean, agus d’úsáidtí iad le linn faicseanaíochta. Chlúdaítí le him iad agus chuirtí sa simléir iad le go dtiocfadh an dath dubh orthu. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Péine Albanach Pinus sylvestris Cé go raibh tír clúdaithe leis an bpéine Albanach ó dheireadh na hoighearaoise, bhí sé deacair ag an crann dul in iomaíocht le fearnóga agus crainn choill nuair a scaip siadsan. Anuas air seo, d'éirí an aeráid níos fliche, rud nár fheil don chrann. Ansin gearradh iad chun talamh a ghlanadh d’fheirmeoireacht agus le breosla a shaothrú. Bhí an péine Albanach níos goilliúnaí ná crainn eile mar nach nglacann sé le bunscoitheadh. Faoin mbliain 1550 AD ceapadh go raibh an péine Albanach díothaithe ón oileán. Blúiríní an phlanda seo → Stair Pailin An Feoras Euonymus europaeus Níl mórán eolais againn faoi stair an fheorais in Éirinn mar nach bhfásann an crann in ithir aigéadach, agus mar sin níl taifead pailine de sna portaigh. Ach, aimsíodh taifid den chrann i sil-leagan atá idir 9,200 go 7,000 bliain d’aois, a thugann le fios go raibh an planda in Éirinn le fada an lá. Níl aon taifead den chrann sa mBreatain níos luaithe ná 5,500 bliain ó shin. Blúiríní an phlanda seo → Stair Ainmneacha An Ghiolcach Shléibhe Cytisus scoparius Thugtaí an t-ainm Laidine planta genista ar an ngiolcach shléibhe ar Mhór-roinn na hEorpa, agus is é a bhí mar shuaitheantas araltais ag clann ríoga in Anjou na Fraince sna Meánaoiseanna. Is mar gheall ar sin a shocraigh siad Plantagenet a thabhairt orthu féin, agus bhí siad i gceannas ar Shasana, agus cuid den oileán seo, ó 1154 go 1485. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Ní fios fós ar crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn. Glacadh leisle fada gur tugadh isteach an crann ón mBreatain. Ach tosaíodh ag ceistiú na teoirice seo nuair a aimsíodh os cionn 300 poibleog dhubh Atlantaigh i suirbhé ar bhruacha na Sionainne agus ar bhruacha na Life ag tús na 1990idí. Ó shin, fuarthas amach gur Populus x canadensis a bhí in aon trian díobh siúd. Anuas ar sin, is léir nach bhfuil mórán éagsúlachta sa gcomhdhéanamh géiniteach sna poibleoga dubha Atlantaigh atá ag fás go fiáin i lár na hÉireann. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir gur cuireadh iad i bhfad siar. Blúiríní an phlanda seo → Stair ornáideach An Crann Cnó Capaill Aesculus hippocastanum Tugadh an crann cnó capaill go dtí an Bhreatain ón Tuirc sa 16ú haois, agus uaidh sin tháinig sé go hÉirinn sa 17ú haois. Cé nach bhfuil aon luach eacnamaíoch ag adhmad bog an chrainn—loghann sé go tapa agus ní dhónn sé go maith—cuireadh go forleathan anseo é mar chrann ornáide, agus is i bpáirceanna agus in eastáit mhóra na tíre, chomh maith le gairdíní príobháideacha, is mó a fheictear an crann cnó capaill inniu. Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Planda Téisclime Stair An Crann Creathach Populus tremula Is speiceas téisclime é an crann creathach agus bhí sé ar cheann de na chéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis na hoighearaoise. Ceaptar go raibh an crann anseo 13,000 bliain ó shin, agus bhí an crann creathach ag fás i gConamara timpeall 10,000 bliain ó shin, in éineacht le crainn téisclime eile, cosúil leis an mbeith, an fhearnóg, agus na saileacha. Blúiríní an phlanda seo → Stair Seanchas An Castán Castanea sativa Tá seanchas sa mBreatain agus in Éirinn faoin Armáid Spáinneach agus an castán. Bhíodh na cnónna castáin ag mairnéalaigh Spáinneacha leis an ngalar scorbha a sheachaint. Deirtear gur ó phócaí mairnéalaigh Spáinneacha a tógadh na cnónna as a d’fhás na castáin i Croft Castle, i Herefordshire Shasana, agus gur leagtha amach mar a bhí na báid Spáinneacha agus iad ar an ionsaigh atá na crainn curtha ansin. Deirtear freisin gur ó chnó castáin, a bhí curtha le mairnéalach Spáinneach a bhí san Armáid agus a bádh amach ó chósta na hÉireann, a d’fhás castán aitheanta eile i reilig Charn an Chaistil, Co. Aontroma. Blúiríní an phlanda seo →