Cé go bhfuil an fheá ag fás i ndeisceart na Breataine le timpeall 5,000 bliain, ní crann í a tháinig go hÉirinn go nádúrtha. Ní fios cén uair ar tugadh an fheá isteach go hÉirinn, ach b’fhéidir gur tháinig sí leis na Normanaigh, dream a bhí eolach go maith faoin gcrann. Bhí an-tóir ar an gcrann anseo, cuireadh go forleathan í, agus tá sí anois nádúraithe in Éirinn.