An Cuileann
Ilex aquifolium
Is deacair an méid logainmneacha a ainmníodh don chrann cuilinn a aithint, mar go bhfuil focal eile, 'cuileann', a chiallaíonn fána, sna logainmneacha freisin. Más in aice le cnoc nó sliabh atá an áit, gach seans gur cuileann (fána) atá i gceist, seachas cuileann (an crann). Séard is cuileanach ann ná áit ina bhfásann crainn chuilinn, agus tá go leor logainmneacha ann leis an bhfocal seo iontu.