Blúiríní: An Phoibleog Dhubh Atlantaigh ↑ Athshocraigh Clibeanna Clibeanna + Éiceolaíocht Seanchas Leigheas Úsáid Inite Tréithe Sainaithint Logainmneacha Ainmneacha Dáileadh Stair Stádas: Gach Planda + Gach Planda Dúchasach Neamhdhúchasach ← Ar ais chuig An Phoibleog Dhubh Atlantaigh An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Ceaptar gur ag fás ar bhruacha an Po i Lombaird na hIodáile, am éigin idir 1700-1720, a bhí bunchrann na poibleoige Lombardaigh (P. nigra var. italica) Is furasta gearrthóga de phoibleoga a fhás mar chrainn nua, agus cuireadh an crann nua seo ar fud na hEorpa ó lár an 18ú aois ar aghaidh. Is crainn fireanna iad na poibleoga Lombardacha go léir (mar gur crann fireann a bhí sa mbunchrann). Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Stair An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Ní fios fós ar crann dúchasach í an phoibleog dhubh Atlantaigh in Éirinn. Glacadh leisle fada gur tugadh isteach an crann ón mBreatain. Ach tosaíodh ag ceistiú na teoirice seo nuair a aimsíodh os cionn 300 poibleog dhubh Atlantaigh i suirbhé ar bhruacha na Sionainne agus ar bhruacha na Life ag tús na 1990idí. Ó shin, fuarthas amach gur Populus x canadensis a bhí in aon trian díobh siúd. Anuas ar sin, is léir nach bhfuil mórán éagsúlachta sa gcomhdhéanamh géiniteach sna poibleoga dubha Atlantaigh atá ag fás go fiáin i lár na hÉireann. Tugann sé sin le fios go mb’fhéidir gur cuireadh iad i bhfad siar. Blúiríní an phlanda seo → ornáideach An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Cuireadh an phoibleog Lombardach (P. nigra var. italica) go forleathan mar chrann ascaill—línte fada den chrann ar an dá thaobh de bhóithre. Bhí faisean ann ag an am crainn cholúnacha a chur sna heastáit mhóra—is ag lorg na haeistéitice céanna a bhíodar nuair a chuirtí an chufróg Iodálach (Cupressus sempervirens). Blúiríní an phlanda seo → Dáileadh Éiceolaíocht Bagairt An Phoibleog Dhubh Atlantaigh Populus nigra betulifolia Tá an phoibleog dhubh Atlantaigh dúchasach sa Breatain, ach tá sé freisin ar an gcrann dúchasach is mó atá i mbaol sa mBreatain.eaptar nach bhfuil ach 6,000 crann fágtha anois sa mBreatain, agus is mionlach an-bheag dóibh siúd iad na crainn bhaineanna. Tá crainn fiáine chomh hannamh sin sa mBreatain, mar gheall ar dhraenáil na talún, go gceaptar nach féidir leis na cinn atá fágtha iad féin a phailniú níos mó. Blúiríní an phlanda seo →