An tSaileach Bhán
Salix alba
Bíonn dath liathghlas ar na duilleoga lansacha a bhíonn ar an tsaileach bhán. Bíonn siad clúdaithe le ribí gruaige bána, go háirithe ar an taobh íochtarach den dhuilleog. Tugann na ribí gruaige seo cuma gheal nó bhán do na duilleoga agus don chrann, agus is mar gheall air seo a ghlaoitear an tsaileach bhán uirthi.