An Crann Creathach
Populus tremula
Is speiceas téisclime é an crann creathach agus bhí sé ar cheann de na chéad chrainn a tháinig go hÉirinn tar éis na hoighearaoise. Ceaptar go raibh an crann anseo 13,000 bliain ó shin, agus bhí an crann creathach ag fás i gConamara timpeall 10,000 bliain ó shin, in éineacht le crainn téisclime eile, cosúil leis an mbeith, an fhearnóg, agus na saileacha.