An Péine Albanach
Pinus sylvestris
Tugtar giúis ar an bpéine Albanach freisin, cé gurb í giúis an t-ainm caighdeánach atá ar na crainn sa ngéineas Abies (fir i mBéarla). Is giúis nó giúsach phortaigh an focal atá ar an adhmad sin a fhaightear sna portaigh in Éirinn. Is iarsmaí iad seo de na crainn a d’fhás sna gnáthóga sin fadó. Cé gur crainn phéine a bhí i gcuid acu, bhí daracha ina measc freisin. Níl giúis mórán le feiceáil i logainmneacha na tíre, cé go bhfuil Mín an Ghiúis i gContae Dhún na nGall. Tá na focail giubhas, giuthas, nó giús níos coitianta i logainmneacha na hAlban, áit a raibh an crann i bhfad níos fairsinge.